Oifigeach Feidhmiúcháin (Gaeilge Líofa) 2019 Sa Státseirbhís
An Roinn Caiteachais Phoiblí Agus Athchóirithe
Ar Fud Na Tíre
Oifigeach Feidhmiúcháin (Gaeilge líofa) 2019 sa Státseirbhís. Tá an Státseirbhís ag lorg daoine uaillmhianacha, cumasacha a bhfuil suim acu i ngnóthaí poiblí agus a chreideann i gcoincheap na seirbhíse poiblí agus atá in ann daoine a phleanáil agus a eagrú agus spriocanna agus aidhmeanna a sholáthar. Ról mar oiliúnaí bainistíochta is ea an grád Oifi geach Feidhmiúcháin. Tá Oifi gigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn/Oifig Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin. Beidh na nithe seo a leanas ag an té a cheapfar: • Gaelige Líofa; • Suim i ngnóthaí poiblí agus a bheith dírithe ar choincheap na seirbhíse poiblí; • An cumas daoine agus acmhainní a phleanáil agus a eagrú agus spriocanna agus aidhmeanna a sholáthar; • In ann athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar réimsí neamhghnácha agus moltaí cuí a dhéanamh; • A bheith tiomanta ar thascanna a dhéanamh ar chaighdeán an-mhaith; • An cumas ábhar a scríobh go soiléir, go gairid, go cuimsitheach agus go mealltach.
1615 days ago