Cache of job #14025854

Job Title

Bainisteoir Forbartha-Comhlacht Forbartha Inis Meáin

Employer

Comhlacht Forbartha Inis Meáin Teo

Location

Gaillimh

Description

Tá folúntas fógartha do bhainisteoir le plean forbartha “Comhlacht Forbartha Inis Meáin Teo.” a chur i bhfeidhm. Dualgais. •Plean forbartha a chur i bhfeidhm agus forbairtí úra ar an oileán a thabhairt chun foirfeachta. •Comhoibriú le pobal an oileáin, rannóga agus eagraíochtaí stáit. •Tacú le muintir an oileáin gach gné de shaol an oileáin a chaomhnú agus a fhorbairt. •Gníomhaíochtaí pobail agus forbartha pobail a spreagadh agus a chothú trí Ghaeilge; •Tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí forbartha agus cultúrtha a bhíonn dá bpleanáil nó dá reáchtáil ag coistí agus eagraíochtaí pobail. •Cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge ar an nOileán.   Cáilíochtaí •Ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha. •Cáilíochtaí tríú leibhéal le taithí ar chóras riaracháin agus airgeadais. •Scileanna maithe bainistíochta, cumarsáide agus idirphearsanta. •Taithí ar fhorbairt pobail. •Cumas oibre ar a stuaim féin. Tá tuarastal tarraingteach leis an bpost seo ag braith ar thaithí agus cáilíochtaí Seoltar iarratais chomh maith le C.V chuig an seoladh thíos roimh 4:00 i.n ar an 04/06/2019. An Cathaoirleach, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Inis Meáin, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe nó ag cfinismeain@gmail.com. Is fostóir comhionannas deise í Comhlacht Forbartha Inis Meáin Teo. Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.

Date Added

1775 days ago

Apply