Cache of job #14018182

Job Title

Oifigeach Feidhmiúcháin (Buan)

Employer

Foras Na Gaeilge

Location

Dublin

Description

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh. Oifigeach Feidhmiúcháin (Buan)  Tagairt: OFSSF/0819. Beidh an post seo lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath. Is é an raon tuarastail don phost ná: €28,213 - €47,553*. D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais. *Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála. FOIRM IARRATAIS & DEASCÁN EOLAIS. T: (00353) (01) 639 8412 R: poist@forasnagaeilge.ie. SPRIOCDHÁTA. Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 12 meánlae Dé hAoine, 10 Bealtaine 2019. Poist, Foras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost. Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas. Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post. Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.

Date Added

1801 days ago

Apply